Auto Mp3 Tagger
 Artist: A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z 0-9

Download Now!!!

Songs    | Albums    | Album Arts

Song:Chuaigh Me Na Rosann
Album:an diolaimGenres:Celtic
Year:1998 Length:375 sec

Lyrics:

Chuaigh mé na Rosann ar chuairt
gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
is thart fá na hoileáin ó thuaidh
Mar eilit agus cú 'na diaidh
Sé déarfadh gach duine fán chuan
ó tharla mé nuas fán chéidh
Nach maith a aithnighim ar do ghruaim
gur fear thú bhfuil an tóir na dhiaidh.

Casadh domh an ainnir dheas óg,
ach má casadh sí a labhair go géar:
Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig,
cha mholaim ró-mhór do thrade!
Chonaic mé fear ar tír mór
is é ag siubhail gan bhróig inné;
is dóigh liom gur thusa an fear óg
is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh.

Thit muid i dtuirse s i mbrón
is dfhiafraigh mé den óigbhean chaoin
Cá bhfuighimis gloine le h-ól
a dtógfadh an brón dár gcroí?
Tá teach beag ar leath-taobh an ród
is coinnigheann sé i gcónaí braon 
gabh thusa agus buail ar an bhord
is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.

Cha rabh muid i bhfad ag gabháil cheoil
gur chruinnigh go leor un toighe
achan fhear is a ghloine na dhorn
le comh-mhóradh a thabhairt don dís
Bhí biotáilte fairsing go leor,
cha rabh beagán dhá ól sa tír,
is dá dtarraingeoinn-sa galún Uí Dhomhnaill,
bfhurast mo scór a dhíol

Tharla mé isteach i dtoigh an óil
agus bfhaiteach go leor mé le suidhe
ar eagla go dtiocfadh an tóir
is go mbainfí an óigbhean díom
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir
agus mheas mé gur chóir domh suidhe,
sé duirt sí: Bí thusa ag gabháil cheoil
is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.

Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón
sé dfhiafraigh an óigbhean díom
Cá mbíonn tú do chónaí sa lá
nuair nach gcoinnigheann tú cró duit féin?
Bím-sa seal dtoigh an óil,
cha ndéanaim-sa lón don phingin:
An méid úd a shaothraim sa lá
a chaithim le spórt san oích.




 

Download Now!!!

Copyright © 2020 Zortam.com. All Rights Reserved.   Zortam On Facebook Zortam On Twitter