|
Lyrics:
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh
Sé do bheatha a bhean ba léanmhar!
B'é ár gcreach tú bheith I ngéibheann
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach
'S tú díolta leis na Ghallaibh
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh
Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
Óglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin 's ni Frainc ná Spáinnigh
'S cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh
A bhuí le Rí na bhfeart go bhfeiceam
Muna mbeam beo 'na dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh
All lyrics are property and copyright of their owners.
2025 Zortam.com
|