|
Lyrics:
Mé a' dul in aois arís
Fás i mo shaol
Léi sroich sé ar bís arís
Mise liom féin
Má bhraitheann mé an íseal brí anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é mar a ghlan mé cheana féin
Má bhraitheann mé an doicheall anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é mar atá ar bun agam anois
Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí
Ó, glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí
Ó, glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Go 'mach as mo shlí
As mo chroí, dhé
Do bhraith mé an íseal brí a' brú anuas orm arís
Glanfaidh mé amach í
Bhraith mé doicheall an diabhail a' déanamh lóistín laistigh díom arís
Glanfaidh mé amach í
Bhraith mé mo mhisneach a' ídiú uaim 's a' dul amú orm arís
Glanfaidh mé amach í
Do bhraith mé an dorchadas do mo thimpeallú 's ag cur isteach orm arís
Glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí
Ó, glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí
Ó, glanfaidh mé amach í
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Go 'mach, 'namh'
Beidh mé réidh, beidh mé romhat, beidh mé úr, beidh mé ullamh
Beidh mé socair ionam féin arís
Beidh mé léi, beidh mé leo, beidh mé leat, beidh mé lán
Beidh mé iomlán folláin arís
Beidh mé saor, beidh mé sona, beidh mé suan, beidh mé slán
Beidh mé ar ais chugham féin arís
Beidh mé clé, deas, thuaidh, theas
Socair ionaim féin arís, dhé
Glan glan, glan arís, glan glan arís
Glan glan, go dtí go bhfuil mé sona sásta
Glan glan, glan arís, glan glan arís
Glan glan, go dtí go bhfuil mé slán sábháilte
Glan glan, glan arís, glan glan arís
Glan glan, go dtí go bhfuil mé sona sásta
Glan glan, glan arís, glan glan arís
Glan glan, glanfaidh mé amach mo shaol
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach, hé
All lyrics are property and copyright of their owners.
2025 Zortam.com
|