|
Lyrics:
Rinne mé smaoitiú i mintinn
is lean mé dó go cinnte
go n-éalóinn ó mo mhuintir
anonn nan Oileáin Úir
S tá mé ag déanamh impí
ar an Ard-Rí os mo chionn-sa
mo choinneáil ó gach tubaiste
go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil mé fiche míle
s gan casadh orm Críosta,
capall, bó nó caoirigh dhéanamh
inghilt ar an fhéar
Coillte dlúth is gleanntáin
is búirtheach beithigh allta
Fir is mná s gan tinte orthu
a chasfá fá do mhéar
Tharla isteach i dteach mé
is casadh orm daoine
Dfhiafraigh siad domhsa
cén tír nar tógadh mé
Dinis mé daofa i nGaeilig
gur tógadh mise in Éirinn,
lámh le bruach Loch Eirne
i mbaile chois na trá
Bhí seanbhean ins an chlúdaigh
is stocaí ar a glúine
Déirigh sí go lúcháireach
is chraith sí liomsa lámh
Sheacht mhanam, fear mo thíre
thar a bhfaca mé de dhaoine
gur tógadh dtús mo shaoil mé
i mbaile le do thaobh
Rinne mé smaoitiú i mintinn
is lean mé dó go cinnte
go bpillfinn r ais go hÉirinn
sular sínfeadh mé fán chlár
Nó dá bhfaighfinn-se [???] caointe
s an [???]
a dfhágfadh liomsa an oíche
is páirt mhór den lá
Download Now!!!
Copyright © 2020 Zortam.com. All Rights Reserved.
|